Tá crocha óir eile i bfholach faoi loch an Chaisleáin ar mullach na h-Achla Tá caora dhearg dá cóimeadh agus sílim nach dtug duine ar bith iarraidh é a fhághail, Tá sé fá thuairm cúig míle ón na Gleanntaí, Dheireann cuid de na daoine go bhfuil sé ann agus deireann cuid eile, nach bhfuil sé ann ar chor ar bhith. Tá croca óir eile i bfolach caol díreach o’s coinne toigh s’ againne ar an taobh thoir de abhainn. Tá sé bhfolach ins an árd ar a tugtar, Árd an Fheannaidh. Tá an áit trí míle o’n baile mhór na Gleanntaí agus ta an t-árd déanta deas cruinn. Fósta tá cat mór dubh dá coímeadh agus ní dhearn duine ar bith iarracht le é a tóghailt.Joseph McGroarty