agus toirtín beag dó, nuair a bhí siad déanta, d'iarr sí air an mbfhearr leis an toirtín beag agus a beannacht nó an toirtín mór agus a mallacht. Dubhairt seisean go mbfheárr leis an toirtín beag agus a beannacht. D'imthigh sé leis agus chuaidh an bhean suas ar chlaidhe agus thoisigh sí ag beannachtaigh go dtí gur thuit an claoidhe. D'imthigh an fear leis go dtáinig sé fhad le sruthán. Shuidhe sé síos agus thoisigh sé ag ithe an toirtín. Tháinig spideóg bheag thart agus d'iarr sé cuid den arán air. Thug an fear giota dó agus nuair a bhí sé ag imtheacht thug an spideóg fideog beag dó. Dubhairt sé leis an fhideog a shéideadh nuair a bheadh rud ar bith a dhith air. D'imthigh sé leis agus chas an rí air agus rinne sé fastughadh leis. Nuair a tháinig an mhaidin cuireadh amach leis na h-éanacha é.Bhí ninghean an rí ag coimheád nuair a tháinig an tráthnóna. Nuair a bhí an t-amAnaithnid