thoisigh sí ag mallachtaigh go dtí gur thuit an chlaoidhe. Shiubhal an fear leis agus tháinig sé fhad le sruthán beag. Shuidhe se síos agus (thoisigh) sé ag ithe. Tháinig spideóg beag thart agus d'iarr sé cuid de'n arán air. Dubhairt an fear go rabh sé beag go leór aige féin. D'imthigh sé leis agus chas an rí air. D'iarr an rí air cá h-áit a rabh sé ag dul." Tá mé ag cuartughadh fastughadh " arsa an fear " Sin an seort duine atá a dhith ormsa" arsa an rí," agus ní bheidh rud ar bith le déanamh agat ach na h-éannacha a chur amach ar maidin agus iad a thabhairt isteach tráthnóna agus ma na mbeidh siad uilig i gcionn trí lá go mbainfear an ceann díot".D'imthigh an fear fhad le caisleán an ríogh. Nuair a tháinig an mhaidin cuireadh amach leis na h-éannacha é. Nuair a tháinig an tráthnóna ní thiocfadh ceann ar bith do na h-éannacha fhad leis agus indiaidh trí la baineadh an ceann de.Aine Ní Dhíoraí