bhí sé ina fhear mhór anois. Shíl an fear go rabh an bhean pósta arais agus thóg sé an maide briste lena bhualadh ach smaoitigh sé ar an tríomhadh comhairle a fuair sé. Shuidh se síos agus las sé an píopa, agus go díreach ar an bhomaite mhuscaill an fear a bhí ag caitheamh an phíopa( a bhí ina chodladh?) agus scairt sé amach "O, thainig m'athair abhaile" Bhí fhios ag an fhear annsin gurb a mhac féin a bhí ann . Thug sé an toirtín don mhnaoi agus d'innis di gurb é sin an tuarasdal a fuair sé. Ghearr sí an toirtín agus thoisigh na ginneacha óir ag tuitim amach as agus bhí dóigh mhaith ortha ón lá sin go dtí an lá indiu.Aine Ní Dhíoraí