t-airgead seo. B'fhéidir go mbeadh sé 5 scilling nó 10 scilling de réir luach an bheithidhigh le taisbeáint go bhfuil sé sa mhargadh. Caithfear seile ar an airgead agus buaileann siad na mbos ar a chéile. Gheibh siad dath 'sna portaigh annseo- dath dearg air- dóigheann siad é i dteinidh taobh amuigh,cuirtear uisge air annsin agus tá dath bréagh ann fa choinne marcanna a chur ar caoirigh. Sé Aonach an Fhóghmhair is mo iomraidh annseo. Sin an t-am a dhíoltar na caoirigh. Seo áit mhaith fa na gcoinne, siocar na sléibhte. Díoltar caoirigh, eallach, muca,agus caiple ar aonach amháin. Bíonn díoltoirí ar an t-sráid le h-earraigh eile fosta m.s.iasg, eadach, delph, eadaigh 7rl.Aine Ní Dhíoraí