agus achan chineal dath a bheith ortha. Ní thiocfadh leithí iad a dheánamh agus ag tuitim na h-oidhche shuidh sí síos agus thoisigh sí ag caoineadh. Ní fada ag caoineadh í uair a tháinig bean isteach agus cos amháin an-mhór mhíofur uirthi. Rinne sí an obair do'n chailín , ach dubhairt sí leithí go gcaithfeadh sí cuireadh a thabhairt dí féin agus do mhnaoi na h-oidhche roimhe 'na báinnse. Dubhairt an cailín go dtabharfadh agus fáilte. Bhí áthas agus iongantas ar bhean an toighe nuair a chonnaic sí go rabh an obair deánta agus thug sí suipeár agus leabaidh an-mhaith ar fad dí. An tríomhadh lá cuireadh isteach sa seomra céadhna í agus tugadh an-rud lín dí le sniomh roimh an oidhche. Ní rabh an cailín ábalta é a dheánamh ach san tráthnóna mall ce tháinig isteach ach bean agus lámh an-mhór uirthi. Dubhairt sí leis an chailín go ndeánfadh sí duithíAine Ní Dhíoraí