1. Tháinig beirt bhan aniar as Gleann Colmcille uair amháin. Bhí siad ag dul go Tobar a Dúin. Bhí aran coirce le bean acu agus giota de aran gheal leis an bhean eile. Nuair a chuaidh siad annsin dubhairt siad a gcuid paidreach. Thuit an t-aran coirce ar an talamh agus ars an bhean “Dá mbéadh gob circe orm go dtiocfad liom sin a phiocadh de’n talamh”. Thainig gob circe uirthí agus phioc sí na gráinníní suas. Annsin bhí nairí uirthí gob a bheith uirthí, agus ghuid sí an gob a dhul ar shiubhal agus d’imthigh sé. 2. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé in a chomhnuidhe tiar in Gleann agus bhíodh se ag deanamh poitín. D’imthigh sé oidhche amháin le dhá chéig ar dhruim beithigh chapaill. Shiubhal sé leis go dtí go dtáinig sé go Malaidh an Bhugaigh. Bhris an rópa a bhí idir na ceigín ar druim an capaill agus thuit ceann acu ar an talamh agus briseadh é. Choinnigh an fear é féin greim ar an ceann eile agus tháinig sé anuas de dhruim an capaill. Shíl sé gur mhór an truaigh an poitín uilig a leigint amugha agus luigh sé síos agus d’ol sé an meid a bhí sé innimh. Annsin thuit sé thart in a codladh. Tháinig tart ar an chapaill agus chonnaic sé an poitín i lár an bhealaigh mhóir agus síl sé gur uisge a bhí ann. D’ól sé an méid a bhí innimh agus thuit sé ar an bhealach agus chodluigh sé. Nuair a mhusgail an fearJoseph McGroarty