A Thighearna is mé an Créatur lag faoi ualach throm Da mhéad mo pheacaigh 's aithreach liom. Aidmhighim creideamh Dé go síor Le gradh mo chroidh 's le dochas fíor Ó chois na croiche, glaoidhim suas Fríd Íosa ar dTighearna, claoin anuas, Le maitheamhnas agus párdún in mo peacaigh - Amen. Tógadh an t-sean phaidir seo as coip leabhar Chrochuir Mhic Grianra. Paisde ins an 6adh Rang. Fuair Seamus an Paidir ó na athair mór - Domhnall Mac Grianra - atá na chomhnuidh ag Béarnas, Tearamonn, Co. Dhún na nGall. Tá Domhnall fa thuairim 75 bliadhna de aois.Joseph McGroartyEugene McKendry