Sean Amhrán Gaedhilge - An Droch Shaoghal I A Rí mór na páirte goide dheánfas na daoine, Gan maoiseog mhaith phréataí Go Féil Padruic nó na dhiaidh II Ní bhfuigh sinn min cháirde 'S tá'r stát uilig réidh 'S mar bhfóirig orainn an bhainríoghain Tá'n bás ag clann na ngaedheal III Tá sean daoine na tíre seo Go fíor ar dhroch dhóigh Gan tobaca acu nó píopaí Nó pighinn in a ndórn IV Dá dtigeadh Mac atSaoir 'S iad a shíneadh faoi'n fhóid Cluinfeadh an saogal mór Na daoine ag gabhail ceol. V Tá páisdí bochta ag caoineadh 'S gan fios acu caidé'n fath Níl ciall ag na h-uaisle Caide mar tá ar g-cradhLillis Ó LaoireLillis Ó Laoire