Sgéal a chualaidh mé ag Proinsias Ó’Gallachobair, a bhí na comhnuidh- an lá mhair sé- i Leac Chonaill, Árdaraion. Fuair sé bás fa shamhain, 1924. Bhí sé fa tuairim 85 bliadhna de aois san am. Bhí Ó’Domhnaill na Thighearna i gCaislean Dhun na nGall. Bhí trúir mac aige. Ba mhaith leis dheánadh amach ce acu den trúir a ba chliste agus a ba ghaisce smaonigh sé ar chleas. Fuair sé pota brot deánta, agus é dearg teith. Tigeann craiceann ar mhullach an bhrot, agus shílfeadh duine go mbéadh sé fuar. Tugadh glogan den bhrot theith do gach fear de na mic. Bhain an fear ba sinne bolgam as a ghiogan agus cinnte sgalladh é go dtí’n smeir chailleach-- “Brot ó réir é” ar seiseann. Bhain an dara fear bolgam as a chuid brot féin, agus bhí sé sgallta fosta-- “is mairg nar théidh é” ar seiseann. Nuair a bhain an treas buachaill bolgam as a chuid brot dubhairt sé “Ní thabhairfeadh frach dubh da éan é”. Bhí achan fhear acu gearr chliste.Joseph McGroarty