1. Amhrán ó bhéal Eibhlín Bean Mhic Cónaill, "Casadh an tsúgain," a thug sí mar ainim ar an amhran. Shiar i ngaillimh a fuair mé eolas ar na mná, 'S i mbéal athá Seanaigh a d'ól mé leobhtha mo sháith Dar bhrigh mo mhaige mar leigthi sibh damhsa anois mar atáim Dheánfadh cleas a rachfas a rún ar a lán. B'fhurust damh aithne ar bhaint na luachra damh indé. Go dtug mo mhuirnín muirneach fuath mór damh féin. Ní triomaide damhsa mé nó ualach mór s cionn croidh 'S is minic a bhain duine 'n tslait a bhuailfeadh é féin. 'S och, agus och, agus osna fríd mo lár. Buaidhreadh ban a d'fhag comh claoidte seo mé. Mo lámh ar a brollach geal 's mé pógadh a béil Sin uaigh mo leabaidh 'chailín agus sháruigh tú mé. Cuirim, bainim, craithim síol coirce craobh Sheolfainn na ba an áit is úire a mbíonn féar Chuirfinn cruth ar an each a ba deise shiúbhall an saoghal D'éalaigh bean le fear nach ndeánfadh sin féin 'S da mbéadh spré ag an chailín is deas a phosfaidh 'rú í Níl, faraor, no ag an té udaí ar córtha do é Mar tá nighean na cailligh' giobaighe 's airde chuaigh i gcéim 'S gach óige deas gan fios cé shiúbhálfas le na taobhDáire Ní Chanáin