1. Bhí beirt fhear ag gabhail ó Connacht go Baile Atha Cliath uair amháin agus chonnaic siad muileann gaoithe nuair a bhí siad ag tarraingt ar a bhaile. Bhí lá ciúin ann agus ní rabh an mhuileann ag córúgadh agus síl siad gur cros ár Slánuightheoir a bhí ann. Shíl siad gur chóir daobhtha é a phogadh. Nuair a d’fheuch fear aca le na phógadh tháinig séidean beag, agus tháinig an mhuileann gaoithe thart agus gheárr sé a bhéal. “Ó a Thighearna”! ar seisean, “ní cros ár Slánuightheora atá ann ar chor ar bith acht crann tocharta an diabhail”. 2. Bhí gasúr ann aon uair amháin agus rinne sé aimsear le fearJoseph McGroarty