Mol Dubh a' Ghleanna Siúd thall é mo theach nífhuil díon air nó sgraith 'S é déanta ar thaoibh a' bhóthair Nuair a chríonas an t-slat ní bhíonn uirthi meas Mar a bhíos ar na crannaibh óga Nach [ladhach? lag?] críonna í an bheach nuair a ghnidh sí a nead le gréin agus le teas an Fhóghmhair Ní críona í ná an fear a bhréagas a bhean Nuair a gheobhaidh sé í i dtús a hóige II Tá ba breaca 'gam ar shliabh gan a'n duine le bheith na ndiaidh Ach mise do mo threorughadh leobhtha Tá fhios ag an t-saoghal nach ortha atá mo thnúth Cé gur bhain siad mo chiall go mór damh Mise bheith liom féin feasta coichche ní bheidh Anois i dtús mo óige 'S gur fann guth gach éin tráth labhras sé leis fhéin Ar mhalaidh ná ar thaoibh na mónadh III I cruaidhe é ná an steel mo chuid-se de mhnáibh an tsaoghail Is charraic atá ann do chroidhe a dheigh bhean Nuair nach dtuigeann tú an taobh de cholbhadh na leabtha a mbím Is páirt de mo dhubh-bhróin d’éisteacht Cúl na láimhe is gile na cúig méar’ is faide Do dhá shúil gorma gile-geala Nuair a théidheas an bhean dubh a mach Caillfeadh an grian a teas ‘S tig smúid ar an ghealaigh le náirePadraig Ó FionnagáinJeaic Mag FhinnAnaithnid