Bhí fear beag ann i bhfad ó shoin agus bhí céad punnta aige ins an teach. Bhí bean aige agus páisde amháin. Ní rabh acht bhó amháin aca agus lá amháin dhubhairt an fear le na mhnaoi go ndíolfadh sé í ar an aonach. Chuaidh sé 'un aonaigh agus ní fhacaidh sé duine ar bith annsin. Dhubhairt sé leis féin go rachad sé abhaile. Ní dheachaidh sé i bhfad go dtáinig fear fhad leis agus muc aige. "an dtabharfaidh tú an muc damh i náit na bó" ar seisean le fear na muice. Bheirfidh cinnte le fáilte agus t[?]. Níor shiubhail sé i bhfad eile gur casadh fear eile agus bhí caora leis. "an dtabharfaidh tú an chaora damh ar an mhuic seo". Rinne siad an malairt. I ndiaidh giota eile a shiubhal casadh fear eile air a rabh capall leis, rinne sé malairt leis an fhear seo fosta agus fuair sé an capall. Annsin casadh fear agus gé leis agus thug sé an capall ar an 'ghé. Casadh fear annsin air a rabh coileach aige agus thug sé an ghé ar an choileach. Thánaig ocras air annsin agus díol se an coileach ar scilling. Cheannuigh sé ar[?] [arán?] agus chuaidh sé abhaile. Sul a dteachaidh sé isteach 'na tighe fhéin bhuail sé isteach i dteach comhursan. Diarr fear a tighe air caidé mar tarlaidh dó ar an aonach. D'innis sé an t-iomlan. Muirbhfidh [mairbhfidh?] do bhean thú ars an chomhursa leis agus cuirfidh mé céad phunnta leat. Cuirfidh mé céad punnta leatsa nach muirbhfidh [mairbhfidh?]. Chuaidh sé annsin isteach 'na thigh fhéin and dfhan fear na comhursan taobh amuigh de'n doras. D'fhiafruigh an bhean caidé fa'n aonach and dinnis sé dí gur ceannuigh sé m[?] [muic?]Padraig Ó FionnagáinPadraig Ó FionnagáinAnaithnidPadraig Ó Fionnagáin