Tá fear na comhnaidhe shíos ins na Gleanntai atá ar leath shíul. Seo an doigh a chaill sé an ceann eile. Oidhche amháin bhí se ag ól i doigh leanna nuair a chuala sé callan ar a chúl agus ce chonnauc sé acht fear a bhí marbh le deich mbliadhain roimhe sin, agus é giota beag ua. Labhair an fear leis an taidhbhse agus ar seisean “An tú atá ann”? Agus arsa an taidhbhse “An bhfeiceann tú mé”? “Téim” arsa an fear. “An le do shúil dheis a tcionn tú mé”? arsa an taidhbhse. “Is eadh” arsa an fear. Bheul arsa an taidhbhse “Ní fheicfidh tú coidhche arais leithe? Le sin thóg sé rud eighin teacht a bhí in a láimh agus seróc sé an siúl as an fhear. Léig an fear béic léice as agus chruinnuigh na fir eile a bhí ins an toigh leanna, thart air agus d’fhiafruigh siad dó caidé bhí ceánn. Dinnis an fear dóbhtha go bhfaca sé taidhbhse agus gach rud a thárla. Nuair a bhí sé críochnuighthe thóg sé a lámh ó na shúil agus chonnaic siad go rabh poll san ait a rabh a shiúl. Na dhiaidh sin chonnaic siad an siúl na luighe ar an urlar.Joseph McGroarty