b'fhéidir le na tiománaidhte na gcapaill do chur isteach 'sa cró abhíodh gar dón "teach" agus b'fhéidir le na (teast) taistealaidhthe biadh agus loisdín na hoidhche d'fhágail 'san "teach ósta" Anois sé mo thuairim go raibh "teach ósta" mar sin 'san áit seo agus gurbh é an t-ainm abhí air ná "Béal na Gaoithe" agus b'féidir le na taistealaidhthe "fotháin" ó'n aimsir ó'n bhfearthainn agus ó'n gaoith d'fághail 'san áit seo.Margaret QuinnAnna BaleAnna BaleAnna Bale"Cnoc Breac": Cnoc beag é seo atá suidhte ar an dtaoibh thair thuaidh de'n sgoil. Tugadh an t-ainm seo ar an áit, mar tá a lán "raithneach" ag fás ann. San mbliadhain 1534 deirtear gur bhailligh na daoine ar an gCnoc sin "le na teinte móra" a las "Tomás an tSíoda" a fheicéail. Deirtear go raibh an radharc is fearr le fághail ó'n áit seo- agus go ndeacha "Tomás an tSíoda" ar a "thuras Feargach" chomh fada leis an "Aill" - Co. B'lá Cliath ag chur fre theine na "Tighthe Móra" 'san Cheanntar.Anna Bale