Bhí fear a bhain le Cúl na a-Dhalán teacht abhaile oíche ó Carraig na nGabhar. Chonaic sé an bean ag rith go h-obann ina dhiaidh agus ba mhó na amhras cé bhí aige agus do chuir sé dhe comh mear agus bhí a chosa uaithi. Dhein sé ceann ar aghaidh ar an ngleann agus trasna na ngleanna leis. Bhí fhios aige cad a bhí á leanúint. Do luigh sí agus do bhéic sí agus do lean sí an taobh a bhí san ngleann nuair gur chuaidh sí go dtí Tosach na Gleanna agus fad is a bhí uain aici ar bhreith suas leis bhí sé sa bhaile istigh. Ní raibh aon deire leis an fothram a bhí ar fuaid na tighe. Bí í Petticoat Loose í agus bhí an dúiche go léir scanraithe aici ag an am céadna.Donal Power