Bhuail fear liom ar an mbóthar lá. Bhí deallramh na fearthana ins an spéir. D'iarras den bhfear seo an mbeadh sé fliuch. D'fhéach sé suas sa spéir agus mór-thimpeall air. Ansan dúirt "Ní fheadar mé, ach dar ndóigh, nach cuma sa diabhal".Donal PowerDonal PowerAg Scairt na Droighnighe i bparóiste Chill Briain bhí tobar beannaithe fadó riamh Éirinn. Dhéintí turasanna ann i gcionn na bliana agus bhí cáil leighis ar an dtobar. D'éirig chapall breach ar feirmeoir agus thóg sé ina ceann an capall do thabhairt go dtí tobar ag tnúth go leigheasfaí cos an chapaill ach sar a bhuail sé an tobar fuair an feirmeoir bás. Deireann muintir an cheantair gur mar gheall ar an capall do thabhairt go dtí tobar gur baineadh san dó. Ar an lá ina dhiaidh sin ní raibh teidheallDonal Power