Seo im'óige féin leis. Cleasaidheacht ag tórram shean-duine. Ag dorus againn-ne a pléidheag an cleas so. Bhí an tigín lán go dorus aét ó bhí an oidhche glas bhí an dorus dúnta. Ní fhaca aornne dada acht sgéidh an scéal amach tamall i na dhaidh sin. Beirt chleasaidhe a thug fé an job do dhéanadh. Níor chuadar ar an dtórran acht d'fhanadar ag sliúcamaoracht ar fuaid baill go raibh an áit leath-stig lán. D'éaluigdear dtín dorus agus tré pholl na h-eochrach do shéoladar and "Fear bríoghmhar," an piobar dearg, isteach imeasc an torraimh. Ní raibh a bhfad le fuireacht ag ana cearrammaig leath-smuig nuair a bhí toradh-á-saothair acu. Biongtach an míle-muider bhí sa seomrín sin agus budh ró-thapaidh a bhíodhg ag fhollamhaghadh na h-áite. Dá bhfuighfí teacht suas leó so a bhí cronntach a bheadh droch-obair ar bun agus gortuighadh gan slánughadh ar an dream beirte sin. Ní dhéantar a leithéid seo anois mar tá meas níos fearr ná san againn ar an mbás agus ortha so a bhíonn básuighthe- moladh go deó leó.Michelle Coyne