Tig ar árd, bean breá agus ba bána Deirtear go mbíonn an mí-ádh ortha san. Tig ar cúl, ba dubha agus bean ghránda Deirtear go mbíonn an t-ádh ortha so. Tiocfaidh an lá fós nuair is trom leis an mbó a h-earbhall. Mínig : Caora mhór an t-uan abhfad. Cuir i gcás gur traidín beag atá le h-iomchur. Má bhíonn an aistear fada braithfidh tú an traidín ag teacht i dtruimeacht nó ag dul ann de réir mar a bhíonn an aimsir ag leabhrughadh. Is mar sin díreach leis an uain agus an chaora, sé sin go gcuirfear 'na luí ort gur caora mhór atá á iomchur agat in ionad uain.Donal Power