Is ag Father Meany, sagart paróiste Chill Rosanta i ndúthaigh Déise a bhí na bailgles agus sé a bhuachaill aimsire a chuir na madraí ar bholadh an madra rua nuair a glaoidh an bhean-tí air. Is dócha go bhfuil ós cionn cead bliain ó bhí Father Meany ina shagart paróiste ar Chill Rosanta. 1. I gCnoc-a-tSean-Thighe 'sea tá mo Station I dtigh Domhnaill Traolaig do bhím im stad I bhfeidhil na mbaigles do Father Meany Sé toghadh na gCléir é agus plúr na bhfear. 2. Ar mo leaba im luí san oíche aréir dom 'S gan spéis 'gam féineach i gcíos ná sraith Le h-uair an lae san do labhair na géana Sé an coileán caol dubh do bhí dá mbraith. 3. Sé dúirt Brighid Ní Laochaigh go ciúin deas séimh liom Éirigh a Thaidhg agus rith amach Tá mo ghéana dá ruagadh ó chéile Agus tá dibhal éigin anocht 'na measc 4. D'éirigh mé féineach gan puinn de'n rudach Ach mo bhríste 's mo léine bhí 'gam im ghlaic Le Gall ná Gael níor labhras aon chnuig Gur scaoileas na baigles na dhiaidh amachDonal Power