Sa reilg i dTuar an Fhíona a thit so amach agus le linn mm óige féin, sé san 45 bliain ó shoin ann anois. Sochraid ón mBullán Bocht i bparóiste an Chaisleáin Chuanaig a bhí ann. Dheineadh socrúghadh le sagart óg Tuar an Fhíona a bheith ag an uaigh ag a dó a chlog um thráthnóna chun an corp d'fháiltiughadh ag geata an t-séipéil agus paidreacha na marbh do rá. B'shin an dinnéir an tsagairt ach gheall sé a bheith ann ach gan an t-socraid a bheith nóimant níos déanaí ná an t-am beartaithe. Bhí san go maith ach tá's againn ná bíonn Éireannaigh ró-luath go bráth ar ócáidibh den saghas seo. Mar ba gnháth bhí an shocraid ós cionn uair a chloig déanach ag fágaint an tighe di agus buaileadh an reilg ag leath-tar-éis a trí. Bhí an sagart ann agus an chonach air mar bhí an t-ocras ag goilleamhaint go geur ar a bhfear bocht. Thug sé aoide na mhuc agus na madraí ortha so a bhí cionntach le déanuidheacht na sochraide. Nuair a bhí an stuirm ar a h-aoirde d'airgeadh glór beag, bídeach, maol á rá "A Athair ní raibh leighis againne ar bheith déanach". "Dé cúis sin"? arsa an sagart go nimhneach feargach, agus go simplí umhail a tháinigh an freagra " mar níor tháinigh an sagart chun Aifreann an chuirp do léigheamh go dtí tar éis a bhricfásta" Liuig gach duine ag gáire agus briseadh ar aghaidh an t-sagairt féin agus an ionad a thuille aighnis siad na paidreacha a bhí sé ag cur uaidh.Donal Power