Bhí buachall agus cailín ag teacht abhaile ón mbaile mór oíche amháin. Bhí sé timcheall a buille a'chlog san oíche. Nuair a thángadar comh fada le Droichead an Uisce chonnacadar an duine bán ar an mbóthar agus cad a bheadh ann ach bean sidhe agus d'imigh sí suas treasna na páirceanna agus ní fheacadar a thuille de'n mbean-sidhe. Níor mhaith liom ag teacht thar an Droichead san oíche mar deirtear go bhfuil sprideanna ann.Donal PowerTá páirc sa bhfeirm againn sa mbaile agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Claise. 'Sé an fáth go dtugtar an ainm sin air mar tá claiseanna móra ann.Donal PowerTá páirc againn sa mbaile agus 'sé an ainm atá air ná Páirc na Faille. Tá sé an-ghairid don bhfaill. Do bhí mo uncail agus fear eile ag obair ann lá amháin agus d'imigh banc mór de chré síos leis an bhfaill agus thug an cré an fear agus mo uncail leis. Do bhíodar gairid do bheith marbhDonal Power