Cuireann m'athair prátaí gach bliadhain. Is in iomairí a chuireann sé iad. Ní deineann sé le ceacht iad ach le sámhain. Ní chuireann sé leasú amach ar aon chor. Deineann sé na h-iomairí ar dtúis agus annsan deineann sé poll le sámhainn agus cuireann sé na prátaí isteach ionnta agus clúdann sé le cré iad. Annsan chuireann sé leasú ós cionn na n-iomairí agus cuirean sé cré ós cionn an leasú. Nuair a bhíonn na prátaí curtha cuireann sé cré ortha agus nuair a bíonn siad ag fás suas cuireann sé cré ortha arís. Tar éis tamaill eile cuireann sé sprá ortha chun an dubh a coiméad uatha. 'Siad na prátaí a chuireann na ferimeoirí timcheall na h-áite seo ná Kerrs Pink, Suttons, King Edward V11, Aran Banners agus Duke of Yorks.Donal Power