Insan sean-aimsear comhnuidhe fíghdeóir i ngar den t-sean-bhóthar atá ag dul trid an "Sweep," an áit a tugtar an "Ochthar Glas" anois air. Bhíodh sé ag fíghdeóireacht go mall san oidhche agus gach oidhche tar-éis a dó dhéag thagadh fear gan cheann isteach chuige. Ní raibh aon faitchíos ar an bhfíghdeóir roimhe mar níorbh fhear faitchioch a bhí ann ariamh. D'fhan do mar sin ar feadh tamaill mhaith. Aon lá amháin bhí daoine ag baint móna i "mBuillí Ceann Abb." Fuair siad ceann duine i mbrat ruinne curtha go doimhin 'san bportach. In a dhiad sin, nior chuir an tais aon trioblóíd ar an bhfighdeóir. An fíghdeóir seo ina bhfuill mé agAn Dothra Bheag