ná cath a geobhas in-a gaobhar. Tá cineál eile ann ionnsuigheóchaidh sí duine madadh ná cath. Tá sí an borbh agus crosta agus níl fathcíos faoi rud ar bith uirrtí agus má fheiceann sí éan in-a luighe ar an dtalmh béirfidh sí greim rubhall uirri féin agus béidh sí ag dul thart in-a fáinne agus béidh an t-éan ag faire ar an obhair seo bhéirfidh an easóg léim agus marbhuigheóchaidh sí í. Nodlaigh Mac Conamara Cill Fhir Dubh, Baile an Chaisil, Co. Mhuigheo. 27//1/1938 Seolad= Mártan Ó Docharthaigh (65bl) Cill Fhir Dubh, Baile an Chaisil, Co. Mhuigheo. 31/1/1938An Dothra BheagBíonn dhá dhath ar na sionnaibh, dath donn agus dath dubh. Is féidir le daoine peata a deanamh as an t-siuonnach donn ach ní féidir peata a dhéanamh as sionnach dubh. Tá leigeas i dteanga an t-sionnaigh. Dá gcuireadh duine í ar an áit go mbeadh dealg in láimh bhainfeadh sé amach é. An Bruch Tá an bruch cosaimhleacht le muc. Itheann se fataí agus coirce, agus féar. I bpoll san dtalamh i fanannMatt Smyth