Áit - Buaile Cheann Oib Baile - Croc na Croiche Paróiste - Baile an Chaisil Barán = Tír Amhlaidh Condae - Co. Mhuigheó Sgeal na h-Áite Bhí fear dárbh ainm Ó Thaidhg in a comhnaidhe sa bpáirc ruadh ar bhárr Cnoc na Cnoiche. Figheadóir a bhí ann agus d'obruigheadh sé go mall san oidhche - bhí sé leis fhéin. Cuile oidhche timcheall a dó dhéag a clog thagadh colan gan ceann isteach aige agus shuidheadh annsin ar feadh sgathaimh agus théigheadh amach annsin. Nior cur sin a dhath d'fhaithchios ar Ó Thaidhg. Níor bhac sé leis an ob. Annsin fhuaireadh ceann duine sa bportach sin ar a dtugtar Buaile Ceann Oib anois agus n'éis sin níor tháinig an colann gan ceann ar cuairt ní ba mhó. Seán De Búrca Gort an Tuair Ainm an duine a fuaireadh uaidh é: Miceál Breathnach Cnoc Leacha LiaghaAn Dothra Bheag