i bPoll an Aifrinn fadó thiocfhadh Sagart san oidhche agus léighfheadh sé Aifreann ann. Annsin sul dtuigeadh an mhaidin théigheadh sé arais arís agus théigheadh sé go h-áit in a raibh poll mór faoi chrúach mónad "An Cathaoirín Geall" a bhí mar ainm air. An oidhche eile théigheadh sé go háit dárbh ainm "Gleann Lasara" agus léigheadh sé Aifreann le haghaidh na gCaitilicigh. Rinneadh spíodóíreacht ar agus cuireadh Seán a Sagart (Seán Ó Maoldhomhnaigh) ar an té a rinne spíodóíreacht mar leas ainm. Bhí fear in a chómnaidhe inaice an t-Sagairt agus Seán Úi Túáthbhaill a bhí mar ainm air. Ní raibh fhios ag aoinne acht an bhfear seo go raibh an Sagart annseo. Bhí Seán bocht ag tabhairt a chuid bídh don tSagart seo agus bhí sé ag tabhairt freastal dhó san Aifreann. Déirigh Seán bocht tinne agus bhí sé ag fághail bháis. Ní raibh fhios ag a mhach cén áit a bfuighfheadh sé Sagart cun an Ola Dheidheanach a cur air. Núair a bhí a mhac ag dul amach an doras dúbhairt Sean leis, "Anois a mhic innseóchadh dhuit an áit a geobhfhaidh tú Sagart. "Téirigh súas an Cathaoirín Geall agus geobhfhaidh tú Sagart i bpoll faoí crúách mhónadh agus leac ós a cionn. Abair leis gur tusa mac Seáin Uí Túathbhaill agus go bhfuil d'athair ag fághail bháis." Dfan sé annsin go bhfuair sé bás. Nuair a bhí sé curtha dúbhairt an Sagart lémac Sheáin freastal a thabhairt dhó san Aifrinn agus a chuidh bhídh a thabhairt dhó. Rinne an gasúr sin ar feadh seacht mbliana. Annsin cuireadh focal amach go raibh an Sagart ag fanacht in san gCathaoirín Gheall agus goAn Dothra Bheag