Fadó ba mhaith le na daoine a pósadh ar Máirt Na h-Innidhe nó cúpla lá roimhe. Ní maith le cuid posadh ar Dia Domhnaigh. Nuair a bhíonns grádh mór ag fear do chailín agus dá mba mhaith leis do phosadh cuirfeadh sé fear chomh fada le athair an chailín. Fadó théighead na fir sin ar capaill. Ní tiochfhaidís síos de'n na capaillí ag teach an chailín ach théigeadh siad in aice an dorais agus bhuailidís air le bata. Annsin dá nabhróthadh atair an cailín nach dtiubhradh [?] sé a ingean dón bhfear thiochfadh cúpla fir agus tógadh siad an cailín leobhtha gan cead ar bith. Amanna bhíodh uisge beata leis an bhfear a bhiodh ag iarraidh an chailín cun a h-athar a bhogadh.Aoife Nig Loingsigh