Tháinig currac isteach i dtír: bhí iomradh céad air. FEISNIÚ dáréag air agus gan aon fhear air acht aon fhear amháín. Casad sean fhear leis ar an tráigh "Cé thú féin?" ars an sean fhear leis. "Mise an t-iasgaire tioscánach" ars seisean. "Tá mac agat. An leigfidh tú liom é go ceann bliadhna. Iocfaid mé go maith é." "Leigfead," ars an sean fhear ma cuireann tú ar ais annseo chugam é i gcionn bliadhna agus lae." "Cuirfead," ars seisean. Fuair sé an mach agus d'imtigh leis. I gcionn bliadna bhi sé ar ais agus an mac leis. "Feiceann tú anois gur fear le m'focal mé," ars seisean leis an sean fhear. "An leigfid tú an buacaill liom go ceann bliadhna eile. "Leigfead agus fáílte" arsa an sean fhear acht an gcuirfid tú ar ais annseo chugam é i gcionn bliadhna." "Cuirfead," ars an t-iasgaire," agus iocfaid mé go maith é."An Dothra Bheag