Aon oidhche amáin chuaidh fear go bóthar a Carraigín ag tabhairt feír da cuid béíthideach. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile connaic sé fear idir dá crocán agus ní raibh giobail éádaigh air. D'imtigh an fear amach ar an mbóthar agus lean an taidbhse é agus shiubail sé ar taobh clé an fhir agus lean sé mar seo é go dí an clochan. Chuaidh an fear treasna an abainn acht níor tháínig an taidhbhse níos fuide. Tháinig faithcíos mór ar an bhfear agus nuair a tháinig sé isteach sa teach dubhairt sé le'n a mháthair an teine a cur amach acht níor chuir. Annsin chuir sí teine mór síos agus réidtigh sí biadh dó agus nuair a bhí an biadh réídh d'fiafruigh sí dé céard a bhí air agus dubairt sé go raibh sé tinn. Annsin thug sí gach rud níos blasta ná chéíle dó acht níor fhág sé an teach go bhfuair sé bás. Bóthar a Carraigín: sin é an bóthar atá ag dul go Cluddán ó bóthar na fairrge i mBeál Dearg Beag. Tá séAn Dothra Bheag