Cloistear trácht ar an loch seo go minich ní amháin ibparoíste Cill Gaobhar acht igcuid mhaith paróisdí san gcomharsanacht. Nóstar a lán, lán sgéalta faoi'n loch céadhna agus creidfidh na sean-ionduirí in abfhírinne go h-éag. Tá an loch fhéin lé feiceál i nDúbhach Mhic Eoín - sráid-bhaile atá suidhte timcheall 4 mhíle siar ó baile Mór Cluan Cearbán. In allóid do chomhnuigh trí eala ar an loch, bhí sé de nós acu a theacht idtír an tráthnóna roimh ré agus a chur in iúil go raibh duine eicínt lé bás d'fhághail tré'n a sgiatháin a chraitheadh fó thrí. Go dtí lé déanaige do bhí 3 clocha cruinn ar an dtráigh cois locha agus an té go mba mhian leis go dtuitfeadh mí-ádh ar a námhadAn Dothra Bheag