Bí ár Slánuightheóir agus a mháthair in a gcodhladh san oidhche agus d'fhiafruigh sé dá mháthair 'An codladh sin atá ort a mháthair? Ní h-eadh ach aisling ort a gríodh, grádh, grádh! "Cé'n aisling a mháthair"? "Go mbeidh tusa dha crochadh amárach, go mbéidh an t-sleagh ag dul tré d'lár, na tairgní ag gríochadh do chos agus do lámh agus an crann spíonach ag dul ar do cheann i." "Más sin é d'aisling a mháthair, níl aoinne a deireas é trí uaire as gach tráth i mbaoghal go mbéidh aimléas ar a anam g deó. A Bhainrioghan na bhflaithis agus a bhainrioghan na glóire, is tú mo bhean airgeartha maidin is trathnóna. Múin dom an bealach agus cuir mé ar an eólas go tobar na h-aithrighe san áit a siltear na deórtha. Luighfimíd le Dia go luighidh Dia linn, pearsa ó Dhia linn, dhá láimh Dé linn, na trí Mhuire linn, Dia agus Colmcille linn, nach Daingean an Dún a bhfuilimíd ann idir Muire agus a mac, Brígid agus a brat. Mícheál agus a sgiath, Dia agus e lámh Dheas idir sinn is gach olc agus nár luighidh olc linn. Cuimrigh naMatt Smyth