Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí inghean aige. Tugadh an inghean bhán uirthi. Cailleadh a máthair nuair a bhí sise óg. Bhí go maith. Phós a h-athair arís, ach má phós féin bhí árd-chion aige ar an inghin. Bhíodh sí i gcómhnuidhe ag ceann an bhuirt aige nuair a bhí sé ag ithe a chuid bídh. Bhí éad air a mhnaoi nuair a chonnaic sé an t-suim a chuir sé in a inghín. Bhí faitcios uirthi nár chuir sé suim ar bith innti féin. Bíodh an fear amuigh gach lá ag obair. Bhí peata d'éan sa teach a bhí an an mnaoi marbh ach mharbhuigh an leas-mháthair é. An lá seo nuair a thainic fear an tighe isteach bhí an t-éan marbh agus bhí fearg mhór air. D'fiafruigh sé de mhnaoi cé mharbhuigh an t-éan agus dubhairt sí gurab í an inghean bhán. "Maith go leor", ar seisean. Lá ar na bhárach dubhairt sé leis an inghín a fhághail faoi réidh go ngeobhadh siad amach ag siubhlóid agus d'réidhtigh sise í féin. D'imthigh leo annsoin agusB CunninghamB CunninghamB Cunningham