Ins an am fadó ó thug Rí na h-Eíreann cuireadh do na Fianna cuig féasta tháth. Chuaidh Oscar agus Goll chuig an bhféasta agus bhí Conán Maol ag iarraidh a bheith leo ach ní raibh siadsan sásta. Maith go leor - chuaidh siad chuig an bhféasta ach d'lean Conán iad agus thug sé leis sgian na mbó le faitcios go gcuirfidhe cath ortha. Bhí go maith - bhí gaisgidheach ag an Righ darab ainm An Dearg. Bhí teach faoi talaim ag an ngaiscidheach ach fhad is a bhí Oscar agus Goll ag an bhféasta chuaidh Conán ag cainnt leis an Dearg. D'fiafraigh sé de an raibh spórt ar bith aige leis an oidhche a chur thart agus dubhairt sé nach raibh. Dubhairt Conán go ngeobhadh siad ag imirt fithchille agus chuaidh. Dubhairt an Dearg cé bí acu a chailleadh go gcaithfeadh sé a chloigeann a leagann ar an mbloc. "Tá go maith," ars an fear eile ach chaill Cónán bocht agus béigin dó a chloigeann a leagann ar anMary O LionainRachel Martin