Tá go leór pisreóg ag baint le Lá Bealtaine agus creideann na sean daoine in a bhfurmhór. Bíonn muinntear an bhaile ag brath ar a chéile go bhfeicídh siad ce h-é an chéad teach go mbéidh deatach as an lá sin. Ní chuireann cuid de na daoinibh an luaithe amach Lá Bealtaine. Fadó bhí sé de ghnás bheith ag goid bainne agus im acht anois tá an nós ag fághail bháis leis an aimsear. An té go dtastóchadh uaidh im a chómharsan a ghoid chaithfheadh sé bheith na shuidhe roimh éirígh gréine agus dhul amach is á rádh “im an bhaile seo isteach in mo canna seo”. Annsin bíonn an canna a bhíos dhá iomchurAn Dothra BheagKevin Deegan