Bhí gaba ann fadó agus ní ráibh sé ín-ann rud ar bith a dhéanamh. Lá amháin tháinig marcach cos-noctúighte chuige agus é ar dhruím capaill. D'iarr sé ar an ngabha crúdh a cuir ar an gcapaill agus dúbhairt an gabha nach raibh sé in-ann rud ar bíth a dhéanamh acht iarrainn céachta. D'íarr an marcach air annsin a dtiúbharfad sé íasacht an ceárdchain dó. Dúbhairt an gabha go dtiúbharfadh sé dó é agus failte. Annsin rinne an marcach na crúidhthe do'n agus núair a bhí siad réid ar fad aige d'imthígh sé amach agus bhain sé cós de'n capaill. Tug isteach é agus chuír sé an crudh uírthe. Rínne sé an cleas céadhna leis na trí cosaí eile. Dúbhairt an gabha leis fhéin go raibh capaill aige agus gur theastuigh crúidhte uaídh. Rínne sé dá crúdh. Bhaín sé na cosa de'n chapaill. Thug sé iarracht ar na cosa a chuir ar an gcapaill aríst acht sháruigh air. Chuir sé amachPól Ó Braoin