Bhíodh solas ag na daoine fadó mar seo. Gheibhtí píosa mór de mhaide giumhais ins an log-phortach agus déantí go leór cipíní fada de'n phíosa sin. Annsin leagtaí na cipíní cois na teineadh go n-éirigheadh síad ann-tirm agus cuirtí píosa mór síos i mbuidéal agus tugadh sé sin solas de na daoine san oidhche. Dá mbheadh duine ag léigheamh leabhair lastaí ceann dé na cípíní agus annsin leagtaí ar an mbord é nó cuirtí isteach é i bpoll sa mballa.Pól Ó BraoinIns an Samhradh nuair a bhíodh na daoine ag baint na mónadh agus na maide giumhasaigh a bhíodh ins an bportach leagtaí íad suas ar na crócáin le triomadh. Nuair a bhíodh na giumhasach tirm ins an bhfhóghmhar tógtaí íad isteach go dtíPól Ó Braoin