agus iad ag sgreadaighil, sin comhartha droch-aimsire. Má thagann na faoileáin uilig le chéile amuigh sa bpáirc sin comhartha fearthainne. Nuair a thagann na faoileáin isteach ó'n bhfairrge sin comhartha fearthainne mar bíonn péisteóga le fághail aca tar éis na fearthainne.Pól Ó BraoinMá fheictear blaghairí gorma sa teine sin comhartha droch-aimsire.Pól Ó BraoinMá bhíonn an deatach ag teacht anuas an similéar in ionad é a bheith ag dul suas sin cosamhlacht fearthainne. Nuair a thagann an deatach amach as an similéar agus má bhíonn sé ag dul suas go direach 'san spéar sin comhartha aimsire-mhaithe. Má thagann sé amach agus é a bheith ag dul soir-siar, síos-suas sin comhartha droch-aimsire.Pól Ó Braoin