Bhí tailliúr ann fadó darb ainm Micilín Ruadh. Lá amháin agus é 'in a shuidhe ar an mbord ag fuagháil thainig éan isteach agus céard a rinne an tailliúir acht an tsáthadh a chaitheamh air agus é a mharbhughadh "Sin urchar maith" ar seisean leis fein "déanfaidh mé saighdiúir maith ins an gcogad. D'imthigh leis agus chuaidh isteach i dteach. Chonnaic se cuilleóga i bpota suibh. Shíl sé gur capall a bhí ann agus céard a rinne se acht na cuilleóga go leir a mharbhú. Annsan fuair sé clár mór agus sgríobh sé "Marbhuigh é cruocha capall" D'imthigh leis ag siubhal roimis airís agus 'chuile duine an ghaibh an treo stad sé chun an chláir a léigheamh. Thagad faitchíos orra taréis é a léigheamh. Bhí an tailliúr ag siubhal roimhe go dtáinig sé go dtí teach eile. Chonnaic sé fear sa teach seo agus ar sé 'marbhóchaidh mé an fear seo agus annsan ní'l fhios agam céard a dhéanfaidh mé. Bhí go maith chuaidh an tailliúr isteach sa teach agus chonnaic sé fathach istigh ann léig an fathach an clár. "Bhoil" ars' an fathach tair amach sa pháirc liom-sa go bhfeicfidh mé céard ata tú i n-ann a dhéanamhMatt SmythMatt Smyth