Deantar cleamhnaisí annseo anois san oidhche. Téigeann an fear atá ag iarraidh na mná go teach na mná cupla oidhche roimh an bpósadh. Uaireannta bíonn beirt no triuir leis agus uaireannta eile ní bhíonn leis ach fear eile is é féin. Bíonn uisce beatha leo. Socruigheann siad an spré, a gheobhas sí an lá a bpósann siad. Is ar capall a rachadh na daoine sa tsean-aimsar agus annsin in a dhiaidh tamaill is ar chineál cairr agus capaill 'ghá tarraingt a bhíodh an bheirt a bhíodh le pósadh ag seasamh leo. Bhíodh cuid eile ar capaill agus cuid eile ag siubhal. Tá pisreog ag cuid de na daoine i dtaobhHugh Rowland