Ba iad Seán O Ciarán an tíghearna talmhan a bhí ar Dubh-Airc agus ar pháirt de Ghaoth-Sáile. Bhictor Seán Carter ar Muing-a-Dóráin no Ráith-Cartar agus ar pháirt de Ghaoth-Sáile agus an bhingamach ar Dhubh-Thuama, Raith an Bingamaigh agus ar Dhubh-Loch: Ní raibh suim mhór ag na daoine ar O Ciarán acht bhí suim mhór ag cuid maith de na daoine ar Cartar. Bhíodh an Ciaránach ag ardú an chíosa ortha agus cuireadh sé na daoine as a seilbh go minic nuair nach raibh siad in dán an chíos d'íoc. Bliadhan amháin cuireadh naoí bpáirtí as a gcuid talmhan agus ghlac an tighearna talmhan seilbh do gach gabhaltaisHugh Rowland