ó shoin. Sí an roilg is sinne dá bhfuil san bparáiste Cill tSéadna - dá mhíle ó Beannchor Iorruis. Tá sí ar thaobh na h-Aibhne Móire. Tá Teach Pobail de'n tsean-déanamh i lár na roilge. Níl sé acht tuairm 30 troigh ar fad agus 15 troigh ar leithead. Tá clocha móra ins na ballaí agus na fuinneóga agus an doras gan gearradh nó ornáid. Do réir seanachais na ndaoine tóigeadh é in aon oidhche amháín. Ta an roilg seo dúinte suas anois agus ceann úr a rinneadh an bhliadhain seo ar thaobh an bhóthair atá ag dul ó Bheanncor Iorruis go Maolraithnighe. Ní fhaca mé aon chill atá féachaint chómh sean le Cill tSéadna acht Cill Chuimín i gCill Chuimín i bparáiste Leacain, Béal an Átha.An Dothra BheagBeannacht leat Éire agus Conndae Mhuigheó Beannacht le mo ghaoltaí agus dá maireann diobh beo Tá mise réidh ag imtheacht agus ní fhillfead go deo Beannacht le Éire agus conndae Mhuigheo * * * Bheirim-se mo mhallacht do lucht dhéanta na mbreug Síád a mhúin domh-sa na reágúint i dtoiseach mo shaoghail Tá mé annseo ins na hin(d)iachaibh go siorruidhe ag sileadh deor, Nuair a chuimhnuighim ar Éirinn ag Conndae Mhúigheo. (Seo giota a fuaireas ó Phádhraic Mag Guidhir)An Dothra Bheag