Seisean ag breugadh an leinbh sa gcliabhán le amhrán agus is é Sail Óg Ruadh a bhí d'á rádh aige. Thuig na dearbhráithreacha annsoin méid a grádá d'á mhnaoi agus philleadar abhaile gan cur isteach air. Micheál Mac Thamhais O.S.An Dothra BheagTriall ar m'aistear i mí na Bealtaine Bhain seachrán fáin dom mar gheall ar mhnaoi Bhí an oidhche dorcha agus ag triall chun bháistigh Agus bhí in sa ? tráth sin ar uair a naoi Thainig sgannradh orm, criothnú is eagla Nídh nár náire dhom do gheit mo chroidhe Níor bhfada ná go bhfaca mé an fear gan snáithe Agus a chlaidheamh tarainte aige ar chúl a chinn. Seo é an méid de'n amhrán seo a bhí ag Pádhraic. Bhí beirt dearbhráithreacha de'n Chlainn tSuibhne in a gcómhnuidhe i n-Acaill. Duine aca a chum an t-amhrán seo. Bhí tóir aige ar chailín óg agus bhí sé dhul chuig a teach. Bhí ioghmháigh fir a briseadh anuas de luing agus a caitheadh isteach sa mbruth fá thír in a seasamh sa mbearnain roimhe ag cleasaidhe eicínt.An Dothra Bheag