dul amach thar sgonsa dóibh do phléasg an t-aspall agus thuit blonac amach as a bholg. "Cuir é sin", arsa ár dtighearna, "faoi bharaille". Chuir an t-aspall cuid de faoi bharaille agus cuid eile faoi phota. I gcionn tamaill, d'feuch sé faoi an mbaraille agus bhí ál banbh ann. Chroch sé an pota agus rith sgata franncach amach. "tabhair aire do na bainbh, béidh síad úsáideach do na daoinibh go fóill, arsa ár dtighearna. Bhí an franncaigh faoi an bpota nuair nach ndearnaidh an t-aspall an rud a dúbhradh leis.B CunninghamCaitheamh Saighead. Síltear gur anuas ó'n spéar a thigeanns an saighead agus gurab íad na sídheóga a chaitheanns íad. Má bhuailtear an bhó le saighead béidh sí tinn agus deirtear gur caitheamh saigheadh atá uirri. Tomhaiseann fear an bhó ó bharr na sróine (cincín) go barr a iarbaill trí huaire i ndiaidh a chéile. Má's "Caitheamh Saighead" atá uirri béidh sí nios giorra gach aon uair ná an uair riomhe sin. Leigheas: Sgríobtar gualach seacht bpota. Cuirtear in uisge é a's tugtar do'n bhuin é. Leigheas eile: Cuirtear cúpla saighead, piosa dhá sgilling, airgead ruadh i n-uisge, tugtar an t-uisge le n-ól do'n bhuin. Garla eile Saidhm na bpéistí: Péistí a bhíonns istigh sa mbuin. Déanann fear saidhm ar shreangán nóB Cunningham