Bhí fear ar an Ráith fadó agus báitheadh bó leis amuigh ar an muing. Bhí gamhan breagh in a dhiaidh. Bhí sé borradh mar a bheadh éan gé. Thug se fá deara an gamhan ag tigheacht ag an muing agus é diúil ná bó. Luigh sé annsoin ag faire ná bó no bfheiceadh sé an gamhan ag tigheacht aici. Rug se greim riobaill uirre nuair chonnaic sé í agus chuaidh sé isteach sa ráith. Bhí sé gearamansaidheacht ar fud an tighe istigh. Dubhairt duine eicínt a bhi istigh a ruagadh amach agus an bhó leis. Nuair a bhí sé dul amach an doras dubhairt sean-chailleach leis gan a dul amach gan a'buaireach. Chaith siad an buaireach aige agus d'imthigh se leis agus an bhó leis.Tadhg Crowe