Bhí fearr ann fadó agus bhí sé pósta agus bhí inghean aige darbh ainm an Peata Bán. Nuair a bhí an inghean an-óg fuair a máthair bás agus phós an t-athair ath-uair. Bhí an leas-máthair an-olc don pheata bán agus síl sí an peata bán a mharbhú, acht chuaidh sise i bfalach. Síl an leas mháthair annsin go raibh an peata bán marbh nó caillte agus dubhairt sí lena fear go raibh a inghean caillte. Chuaidh an peata bán suas ar chrann agus bhí sí annsin ar feadh ibhfad acht tháinic sí anuas ar dheireadh. Annsin chuaidh sí go teach a h-athara agus d'innis sí an sgéal dona daoiní. Nuair a chualai na daoiní an sgéal tóg síad an leasmháthair agus rinne síad teinne mhór agus dhóigh síad í.Anaithnid