Tá áit in-aice le Porturlainn ar a dtugtar Innis Mhór, lag measg na Sliabh atá ann; agus bhí comhnuidhe amháín ann tuairim 80 bliadhan ó shion. (?) beag abhí ann agus an buaile a thug siad ar an áit mar bhíodh siad ag tabhairt aire do na ba seaga agus ghá gcur isteach annseo le na mbleaghan. Oidhche amháin chuaidh fear an tighe agus a bhean go cleamhnas ar an gCorrán Buidhe. Ní rabh fágtha sa teach ina ndiaidh ach cailín óg agus gasúr agus páiste sa gcliabhán. Tháinig an fuadach igcóir an chailín - fadó bhí an nós sin ann, dá dtiocfadh fear ar lorg mná i bpósadh agus muna bhfuigheadh sé í thiocfadh sé tora eicint eile le sluagh leis an gcailín a fhuadach. Bhí fhios ag an gcailín an fáth gur tháinig siad agus nior mhaith léí an fear mar sin bhí sí i sáinn céard a dhéanfadh sí achAn Dothra Bheag