Sé Gabhal an t-ainm atá ar an mbaile fearann in a bhfuil mé in mo chomhnaidhe. Tá sé taobh thuaidh agus theas de’n mhórbhothar o Bhaile Chathail go Ceatramhadh Chaisil agus timcheall leath bhealaigh idir an dhá áit. Tágann dhá abhainn isteach san mbaile fearann, ceann aniar a ndeas agus ceann eile anoir an deas. Tagaid le chéile agus ghníd abha amháin i dtalamh Mhichil Mic an Pharsúin. Táid i bhfuirm píce agus uaidh sin fuair mo bhaile fearann Gabhal a ainm — Gowel.Seán Ó SéaghdhaAdeireann na daoiní go bhfuair mo bhaile fearann Breacluain a ainm o’n dá fhocal Breac = íoldathach mar gheall a cosamhlacht fa fraoch corcar, portach dubh, pairceanna glasa, saílini aitinne, bairr bhuidh agus glasa. ’Se Cluain móinfhéar no leana no ceann-Seán Ó Séaghdha