Tá an Baile Fearann so i bfoisceacht fiche slat d’ár sgoil annso. Sé doire “coill bheag” doirnín ceann de’n da bhata atá ar crann speile. Níor aithnigheadh an speal an t-am sion ac sé doirnín an t-ainm gaedealach atá ar chrann cairn. Uaid sin tháinig an t-ainm doirnín. Mar gheibhtí na miltí doirniní do charnaibh le muinntir aitheamhail san gcoill seo. An lá indiu chítear boinn crann na coille so in áiteachaibh go bhfuil cliarach san bportach. Sé Derrydoreen an coill bheag go raibh na doirniní le fágháil inntí le cur ar na carnaibh a bhíos ag na sean daoinibh ar feadh an ama soinSeán Ó Séaghdha